>> ENGLISH VERSION



INIS OÍRR & ÁRAS ÉANNA

Suite ar imeallbhord an Atlantaigh, tá sé le maíomh ag Inis Oírr go bhfuil sí ar cheann de na pointí is faide siar san Eoraip. Tá sé le maíomh freisin go bhfuil an teanga a labhairtear ar an oileán ar cheann de na teangacha is sine san Eoraip. Is in Inis Oírr atá Áras Éanna, an t-aon ionad ealaíne sa nGaeltacht.

San ionad tá amharclann 70 suíochán, seomra comhdhála, caifé, ionad taispeántais, agus árasán/stiúideó ealaíontóra (i measc iad siúd a d’oibrigh i stiúideó Áras Éanna go dtí seo tá na péintéirí Seán Ó Flaithearta, Pauline Cummins, Geraldine O’Reilly, Mick O’Dea, agus an drámadóir Paul Brennan).

Tá Áras Éanna ag feidhmiú mar lárionad ceardaíochta, ealaíon agus oidhreachta do mhuintir Inis Oírr agus do phobal níos mó ag an am céanna.  Tá idir ealaíona traidisiúnta agus ealaíona comhaimseartha á gcothú ann.