>> ENGLISH VERSION

 

CLÁR EALAíONTÓIR CÓNAITHE

Tá stiúideo agus arasán ar fáil in Áras Éanna do ealaíontóirí. Fanann ealaíontóirí tréimhse idir 6 seachtaine agus 3 mhí.

Glactar le hiarratais ó scríbhneoirí, ealaíontóirí, cumadóirí ceoil nó gach cinéal ealaíontóir.



Iarratais:

Glactar le hiarratais uair sa bhliain.

Níl aon fhoirm iarratais oifigiúil i gceist, ach iarrtar ar ealaíontóirí na sonraí seo a sheoladh chugainn:

CV
Clúdach litreach le stampa chun ábhar a sheoladh ar ais ag an ealaíontóir
Litir
Samplaí de do chuid oibre


Ba cheart an t-eolas seo a leanas a bheith sa litir:

cur síos ar an leas a bhainfear as an stiúideó
cén fhad a theastaíonn an stiúideó

Ba cheart iarratais a sheoladh chuig:

An Stiúrthóir,
Áras Éanna,
Inis Oírr,
Árainn,
Co. na Gaillimhe.

An chéad spriocdáta eile ná

28/08/2009
 

An spriocdáta do dheireadh na mbliana

31/12/2009